1 Ag breathnú suas dó, chonaic sé na daoine saibhre ag cur a n‑ofrálacha isteach sa chiste.
2 Agus chonaic sé baintreach dhealbh ag cur dhá leathfheoirling ann,
3 agus dúirt: “Deirim libh go dearfa, chuir an bhaintreach bhocht seo níos mó isteach ná cách eile;
4 óir is cuid den iomarca a bhí acu a chuir siad siúd uile isteach sna hofrálacha chun Dé, ach chuir sise isteach as a huireasa a raibh den saol aici.”
5 Nuair a bhí daoine áirithe á rá mar gheall ar an Teampall go raibh sé maisithe le clocha breátha agus le tíolaicí dúthrachta, dúirt seisean:
6 “A bhfuil le feiceáil ansin agaibh - tiocfaidh na laethanta nach bhfágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.”
7 D'fhiafraigh siad de ansin: “Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?”
8 Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t‑am in achmaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh.
9 Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.”
10 Dúirt sé leo ansin: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta.
11 Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir.
12 Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar m'ainmse.
13 Is é a thiocfaidh as sin daoibh, go bhféadfaidh sibh fianaise a thabhairt.
14 Dá bhrí sin, bíodh sé de rún agaibh gan ullmhú roimh ré chun bhur gcosanta,
15 óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú.
16 Tabharfar ar láimh sibh ag bhur dtuismitheoirí féin, fiú amháin, ag bhur ndeartháireacha, ag bhur ngaolta, ag bhur gcairde, agus básófar cuid agaibh,
17 agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse;
18 ach ribe de ghruaig bhur gcinn ní mhillfear.
19 Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n‑anamacha.
20 “Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achmaireacht.
21 Ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte; iad seo a bheidh sa chathair, imídís aisti; iad seo a bheidh ar an tuath, ná téidís isteach inti;
22 óir is laethanta díoltais iad seo, nuair nach foláir gach a bhfuil scríofa a chomhlíonadh.
23 Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo:
24 titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.
25 “Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige;
26 daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith.
27 Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus iomad glóire.
28 Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achmaireacht.”
29 Agus labhair sé parabal leo: “Féachaigí an crann fígí agus na crainn eile.
30 Nuair a bhíonn siad ag eascar, bíonn a fhios agaibh ag féachaint orthu, go bhfuil an samhradh in achmaireacht feasta.
31 Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd ag teacht, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.
32 Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan gach uile ní a bheith tagtha chun cinn.
33 Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.
34 Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh
35 mar a bheadh gaiste. Óir is de phreib a thiocfaidh sé ar chách a bheidh ina gcónaí ar aghaidh na talún go léir.
36 Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”
37 Bhíodh sé ag teagasc ar feadh an lae sa Teampall, ach san oíche théadh sé amach agus thugadh an oíche ar an gcnoc ar a dtugtar Ola-Choill.
38 Agus ó éirí lae, bhíodh an pobal uile ag teacht chuige sa Teampall ag éisteacht leis.