Lúcás 19 ABN

Iompú Zacháias

1 Agus ar theacht isteach in Ireachó dó, bhí sé ag gabháil tríd.

2 Agus fear darbh ainm Zacháias a bhí ina cheannphoibleacánach agus é saibhir,

3 bhí sé ag iarraidh radharc a fháil ar Íosa, cérbh é féin; ach ní fhéadfadh de dheasca an tslua, óir bhí sé íseal ina phearsa.

4 Agus rith sé roimhe chun cinn agus chuaigh in airde i gcrann seiceamair chun go bhfeicfeadh sé é, óir is thairis sin a bhí sé le gabháil.

5 Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.”

6 Agus tháinig sé anuas go deifreach agus chuir fáilte roimhe go háthasach.

7 Ar a fheiceáil sin do chách, bhí siad ag monabhar á rá: “Tá sé tar éis dul ar lóistín ag peacach.”

8 Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”

9 Dúirt Íosa leis: “Tá slánú tar éis teacht chun an tí seo inniu, mar is mac d'Abrahám an duine seo freisin:

10 óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a lorg agus a shlánú.”

Parabal na nDeich Míoná

11 Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar do Iarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach.

12 Uime sin a dúirt: “Chuaigh duine de threibh uasal go tír i gcéin chun céim ríoga a bhaint amach dó féin agus filleadh ansin.

13 Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh agus thug dóibh deich míoná agus dúirt leo: ‘Bígí i mbun gnó go dtaga mé.’

14 Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’

15 Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, d'ordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t‑airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach.

16 Tháinig an chéad duine i láthair agus dúirt: ‘A thiarna, ghnóthaigh do mhíoná deich míoná.’

17 Dúirt sé leis: ‘Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh forlámhas agat ar dheich gcathair.”

18 Tháinig an dara duine agus dúirt: ‘Rinne do mhíoná cúig mhíoná, a thiarna.’

19 Dúirt sé leis sin chomh maith: ‘Tusa mar an gcéanna, bí i gceannas ar chúig chathair.’

20 Ach tháinig an duine eile agus dúirt: ‘A thiarna, seo duit do mhíoná; bhí sé i gcoimeád agam i naipcín.

21 Óir bhí eagla orm romhat, de bhrí gur duine dian tú; glacann tú chugat an rud nár chuir tú i dtaisce agus baineann tú an fómhar nár chuir tú a shíol.’

22 Dúirt sé leis: ‘Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol?

23 Cad chuige más ea nár chuir tú mo chuid airgid ar gaimbín? Agus nuair a thiocfainn, dhéanfainn é éileamh le hús.’

24 Agus dúirt sé leo seo a bhí i láthair: ‘Bainigí de an míoná, agus tugaigí é dó seo a bhfuil na deich míoná aige.’

25 ‘Ach, a thiarna,’ ar siad sin leis, ‘tá deich míoná aigesean.’

26 ‘Deirim libh, gach aon duine a mbíonn aige, tabharfar dó, ach an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú amháin a mbíonn aige.

27 Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’ ”

An Imrím Chaithréimeach

28 Nuair a bhí an méid sin ráite aige, ghluais sé roimhe ag dul suas go Iarúsailéim.

29 Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar Ola-Choill, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá:

30 “Téigí isteach sa bhaile thall, agus ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin; scaoiligí agus tugaigí libh é.

31 Agus má fhiafraíonn aon duine díbh: ‘Cad chuige a bhfuil sibh á scaoileadh?’ is é a déarfaidh sibh: ‘Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis.’ ”

32 D'imigh na teachtairí agus fuair siad de réir mar a dúirt sé leo.

33 Le linn dóibh bheith ag scaoileadh an tsearraigh, dúirt na húinéirí leo: “Cad chuige a bhfuil sibh ag scaoileadh an tsearraigh?”

34 Dúirt siad: “Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis,”

35 agus thug siad go dtí Íosa é, agus tar éis dóibh a mbrait a chaitheamh ar an searrach, chuir siad Íosa ar a mhuin.

36 Agus ag gluaiseacht dó, bhí siad ag leathadh a mbrat ar an mbóthar.

37 Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán d'áthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,

38 á rá:“Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna!Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.”

39 Agus cuid de na Fairisínigh a bhí sa slua, dúirt siad leis: “A Mháistir, cuir ceartú ar do dheisceabail.”

40 D'fhreagair sé agus dúirt: “Deirim libh, má bhíonn siad seo ina dtost, screadfaidh na clocha amach.”

41 Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi,

42 ag rá: “Dá mbeadh a fhios agatsa freisin, sa lá seo, na nithe atá de dhíth chun síochána! ach is amhlaidh atá siad i bhfolach ó do shúile.

43 Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad tú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh;

44 nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhagáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir d'fhiosraithe.”

45 Ansin, ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ag tiomáint na ndíoltóirí amach,

46 ag rá leo: “Tá scríofa: ‘Beidh mo theach ina theach urnaithe’; ach tá uaimh robálaithe déanta agaibhse de.”

47 Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith;

48 ach ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís, óir bhí an pobal uile ar bís ag éisteacht leis.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24