Lúcás 13 ABN

Riachtanas na hAithrí

1 San am sin féin tháinig daoine i láthair á insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Pioláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n‑íobairtí a mheascadh ar a chéile.

2 Dúirt sé leo á bhfreagairt: “An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir?

3 Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna.

4 Nó an t‑ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d'áitritheoirí Iarúsailéim?

5 Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.”

6 Dúirt sé an parabal seo: “Bhí fear ann a raibh crann fígí curtha ina fhíonghort aige, agus tháinig sé ag lorg toraidh air agus ní bhfuair.

7 Dúirt sé le curadóir na fíniúna: ‘Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann fígí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?’

8 Ach dúirt seisean leis á fhreagairt: ‘A mháistir, lig an bhliain seo leis chomh maith, nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus aoileach a chur leis,

9 agus b'fhéidir go dtabharfadh sé toradh uaidh; ach mura dtugann, gearrfaidh tú anuas é feasta.’ ”

Bean an Éagruais á Leigheas

10 Bhí sé ag teagasc i sionagóg lá sabóide.

11 Agus bhí an bhean seo ann a raibh anspiorad inti á déanamh tinnlag le hocht mbliana déag; bhí sí cromtha ar a chéile agus gan ar chumas di seasamh díreach ar chor ar bith.

12 Nuair a chonaic Íosa í, ghair sé chuige í agus dúirt léi: “A bhean, tá tú fuascailte ó d'éagruas,”

13 agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia.

14 Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá saboide, agus dúirt leis an bpobal: “Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.”

15 D'fhreagair an Tiarna é: “A bhréagchráifeacha,” ar sé, “nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ón mainséar lá na sabóide agus nach seolann chun uisce é?

16 Agus an bhean seo, is iníon d'Abrahám, a bhí ar ceangal ag Sátan, féach, ar feadh ocht mbliana déag nár cheart í scaoileadh ón ngéibheann seo lá na sabóide?”

17 Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán d'áthas faoina raibh á dhéanamh aige de bhearta oirirce.

Fás na Ríochta

18 Agus dúirt sé: “Cad leis a bhfuil ríocht Dé cosúil? Cad leis a gcuirfidh mé i gcomparáid í?

19 Tá sí cosúil le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chaith sé uaidh ina gharraí, agus d'fhás sé agus rinne crann mór de agus chuaigh éanlaith an aeir ar foscadh ina chraobhacha.”

20 Agus dúirt sé arís: “Cad leis a gcuirfidh mé ríocht Dé i gcomparáid?

21 Tá sí cosúil le gabháil a thóg bean agus a d'fholaigh sí i dtrí peice plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”

An Doras Cúng

22 Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go Iarúsailéim.

23 Dúirt duine éigin leis: “A Thiarna, an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán?” Dúirt sé leo:

24 “Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é.

25 Tar éis d'fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’

26 Beidh sibh á rá ansin: ‘Bhímis ag ithe agus ag ól i do láthair, agus is inár sráideanna a rinne tú teagasc.’

27 Ach déarfaidh sé: ‘Deirim libh, níl a fhios agam cad as daoibh. Beirigí uaim, sibhse uile a dhéanann an éagóir!’

28 Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach.

29 Agus tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé.

30 Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!”

Dúshlán faoi Héaród

31 Ar an uair sin féin tháinig cuid de na Fairisínigh chuige á rá leis: “Amach leat agus cuir díot as seo, óir is áil le Héaród tú a chur chun báis.”

32 Agus dúirt sé leo: “Imígí agus abraigí leis an sionnach úd: ‘Féach, bím ag caitheamh deamhan amach agus ag oibriú leigheas inniu agus amárach, agus ar an treas lá bíonn an deireadh agam.

33 Agus ní foláir dom bheith ag imeacht romham inniu agus amárach agus amanathar, óir ní cuí go gcuirfí fáidh chun báis amuigh as Iarúsailéim.’

34 “A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!

35 Féach, fágfar fúibh féin bhur dteach! Agus deirim libh, ní fheicfidh sibh mé níos mó go dtí go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!’ ”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24