1 Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air.
2 Agus bhí, os a chomhair amach, fear a raibh íorpais air.
3 Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: “An dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide,” ar sé, “nó an mídhleathach?”
4 Ach d'fhan siad ina dtost. Thóg sé é agus leigheas é agus scaoil uaidh é.
5 Agus dúirt sé leo: “An bhfuil aon duine agaibh a dtitfidh a mhac nó a dhamh sa tobar agus nach dtarraingeoidh amach láithreach é lá na sabóide?”
6 Agus níorbh fhéidir dóibh freagra a thabhairt ar an méid sin.
7 Dúirt sé parabal leo siúd a fuair an cuireadh, ar a shonrú dó mar a thoghaidís na chéad áiteanna; dúirt sé leo:
8 “Nuair a thabharfaidh duine éigin cuireadh chun bainise duit, ná téigh i do luí sa chéad áit, le heagla go mbeadh cuireadh ag duine eile uaidh ba mhó le rá ná thú,
9 agus go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duit féin agus dó sin, á rá leat: ‘Tabhair áit dó seo,’ agus go gcaithfeá ansin agus ceann faoi ort an áit is ísle a ghabháil.
10 Ach nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle, sa chaoi, nuair a thiocfaidh an té a thug an cuireadh duit, go ndéarfaidh sé leat: ‘A chara, gabh níos faide suas’; ansin beidh onóir ann duit i láthair chách a bhíonn ag bord leat.
11 Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”
12 Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó: “Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar á thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duitse ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat.
13 Ach nuair a bhíonn fleá agat á tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill;
14 agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.”
15 Duine díobh seo a bhí ag bord leis, ar chloisteáil an méid sin dó, dúirt sé leis: “Is méanar don té a chaitheann a chuid i ríocht Dé!”
16 Dúirt sé leis: “Bhí fear ann agus dinnéar mór aige á thabhairt, agus thug sé cuireadh dá lán.
17 Chuir sé a sheirbhíseach uaidh ar uair an dinnéir á rá leo seo a fuair an cuireadh: ‘Tagaigí, mar tá sé reidh anois.’
18 Agus thosaigh siad uile mar a chéile á leithscéalú féin. Dúirt an chéad duine leis: ‘Tá feirm ceannaithe agam, agus is éigean dom dul amach á feiceáil; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’
19 Dúirt duine eile: ‘Tá cúig cuingireacha damh ceannaithe agam, agus táim ag dul á dtriail; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’
20 Agus dúirt duine eile: ‘Táim tar éis pósta, agus dá bhrí sin ní fhéadaim dul.’
21 Tháinig an seirbhíseach ar ais agus d'inis an méid sin dá mháistir. Dúirt fear an tí lena sheirbhíseach ansin, agus fearg air: ‘Amach leat gan stad faoi shráideanna agus faoi chabhsaí na cathrach, agus seol isteach anseo na boicht agus na mairtínigh agus na daill agus na bacaigh.’
22 Dúirt an seirbhíseach: ‘A mháistir, tá ar ordaigh tú déanta, ach tá slí fós ann.’
23 Agus dúirt an máistir leis an seirbhíseach: ‘Téigh amach ar na bóithre agus le hais na bhfál, agus cuir d'fhiacha orthu teacht isteach, ionas go mbeidh mo theach lán.
24 Óir deirim libh, na fir úd a fuair an cuireadh, ní bhlaisfidh aon duine acu mo dhinnéar.’ ”
25 Bhí sluaite móra á thionlacan, agus d'iompaigh sé agus dúirt leo:
26 “Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
27 Cibé nach ndéanann a chros a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
28 Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú?
29 Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi á rá:
30 ‘Thosaigh an duine seo ag tógáil agus níor chumas dó é thabhairt chun críche!’
31 Nó cén rí, agus é ag dul i ngleic cogaidh le rí eile, nach suífidh síos ar dtús ag déanamh comhairle, féachaint an bhféadfaidh sé dul, líon deich míle, faoina dhéin siúd atá ag déanamh air agus fiche míle aige?
32 Agus mura bhféadann, le linn dó siúd bheith i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaí chuige ag iarraidh coinníollacha síochána.
33 A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
34 Óir is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann féin leamh, cad a dhéanfaidh anlann dó?
35 Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!”