22 Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus d'fhan balbh.
23 Nuair a bhí laethanta a sheirbhíse críochnaithe, chuaigh sé abhaile.
24 Agus ina dhiaidh sin, ghabh a bhean, Eiliosaibeit, gin, agus d'fholaigh í féin ar feadh cúig mhí,
25 ag rá: “Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun m'aithis i measc daoine a thógáil díom.”
26 Sa séú mí, cuireadh an t‑aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat
27 chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b'é ab ainm don mhaighdean, Muire.
28 Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.”