39 Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d'imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá,
40 agus chuaigh isteach i dteach Zachairias agus bheannaigh d'Eiliosaibeit.
41 Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh,
42 agus d'éigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne.
43 Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam?
44 Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas.
45 Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.”