44 Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas.
45 Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.”
46 Agus dúirt Muire:“Mórann m'anam an Tiarna,
47 agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.
48 Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh;mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.
49 Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,
50 agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúindóibh seo ar a mbíonn a eagla.