5 Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zachairias, de shealaíocht Aibia, agus bean aige d'iníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di.
6 Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.
7 Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta.
8 Tharla, agus é ag déanamh a ghnó sagairt i láthair Dé, in uain a shealaíochta,
9 gur thit ar a chrann, de réir ghnás na sagartóide, dul isteach i sanctóir an Tiarna chun túis a dhó;
10 agus bhí cuallacht iomlán an phobail amuigh ag guí in am na túise.
11 Chonacthas dó aingeal ón Tiarna ina sheasamh ar dheis altóir na túise.