51 Thaispeáin sé neart a láimhe:scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.
52 Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha,agus d'ardaigh sé daoine ísle;
53 Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe,agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.
54 D'fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach,ag cuimhneamh dó ar a thrócaire -
55 de réir mar gheall sé dar n‑aithreacha -d'Abrahám agus dá shliocht go brách.”
56 D'fhan Muire aici timpeall trí mhí, agus d'fhill abhaile.
57 Tháinig a hionú d'Eiliosaibeit agus rug sí mac.