57 Tháinig a hionú d'Eiliosaibeit agus rug sí mac.
58 Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.
59 Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zachairias.
60 Ach labhair a mháthair agus dúirt: “Ní hea, ach glaofar Eoin air.”
61 Agus dúirt siad léi: “Níl aon duine ar do chine a bhfuil an t‑ainm sin air.”
62 Ach d'fhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air.
63 Agus d'iarr seisean cláirín agus scríobh air: “Is Eoin is ainm dó.” Agus rinne siad uile ionadh de.