59 Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zachairias.
60 Ach labhair a mháthair agus dúirt: “Ní hea, ach glaofar Eoin air.”
61 Agus dúirt siad léi: “Níl aon duine ar do chine a bhfuil an t‑ainm sin air.”
62 Ach d'fhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air.
63 Agus d'iarr seisean cláirín agus scríobh air: “Is Eoin is ainm dó.” Agus rinne siad uile ionadh de.
64 Bogadh a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé.
65 Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile,