66 agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis.
67 Agus líonadh Zachairias a athair den Spiorad Naomh, agus rinne tairngreacht á rá:
68 “Moladh don Tiarna, Dia Iosrael,óir rinne sé a phobal a fhiosrú agus a fhuascailt;
69 agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhari dteaghlach Dháiví a sheirbhíseach -
70 de réir mar a labhairtrí bhéal a naomhfháidh anallód -
71 mar shaoradh dúinn ónár naimhdeagus óna láimh siúd uile ar fuath leo sinn,
72 ag déanamh trócaire mar sin ar ár n‑aithreacha,agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa -