7 Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta.
8 Tharla, agus é ag déanamh a ghnó sagairt i láthair Dé, in uain a shealaíochta,
9 gur thit ar a chrann, de réir ghnás na sagartóide, dul isteach i sanctóir an Tiarna chun túis a dhó;
10 agus bhí cuallacht iomlán an phobail amuigh ag guí in am na túise.
11 Chonacthas dó aingeal ón Tiarna ina sheasamh ar dheis altóir na túise.
12 Agus nuair a chonaic Zachairias é, bhí sé buartha agus tháinig uamhan air.
13 Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.