13 “Is mairg duit, a Chorazáin! is mairg duitse, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus sa tSíodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach.
14 Ach is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag an tSíodón sa bhreithiúnas ná agaibhse.
15 Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú!
16 An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”
17 Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá: “A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i d'ainmse.”
18 Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc.
19 Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.