19 Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.
20 Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n‑ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”
21 An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.
22 Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus ní eol d'aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”
23 Agus, ag iompú chun a dheisceabal, dúirt sé leo ar leithligh: “Is méanar do na súile a fheiceann na nithe a fheiceann sibhse.
24 Óir deirim libh, b'áil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”
25 D'éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”