24 Óir deirim libh, b'áil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”
25 D'éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”
26 Dúirt sé leis: “Cad tá scríofa sa dlí? Cad a léann tú ann?”
27 D'fhreagair sé agus dúirt: “ ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán’; agus ‘do chomharsa mar thú féin.’ ”
28 Dúirt sé leis: “Thug tú an freagra ceart: déan an méid sin agus beidh an bheatha agat.”
29 Ach ó b'áil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le Íosa: “Agus cé hé mo chomharsa?”
30 Thug Íosa freagra air á rá: “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é lomadh agus é leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh.