12 Nó fós má iarrann ubh, an sínfidh sé scairp chuige?
13 Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?”
14 Bhí deamhan á chaitheamh amach aige - deamhan balbh. Agus nuair a bhí an deamhan imithe amach, labhair an fear balbh, agus rinne na sluaite ionadh de.
15 Ach dúirt cuid acu: “Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.”
16 Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, á phromhadh.
17 Ach ó bhí fios a smaointe aige dúirt sé leo: “Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus titeann a cuid tithe ar mhuin a chéile.
18 Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasóidh a ríocht? - os á rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain.