18 Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasóidh a ríocht? - os á rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain.
19 Ach más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd go gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh.
20 Ach más trí mhéir Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh.
21 Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábhálta.
22 Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt.
23 An té nach bhfuil liom tá sé i m'aghaidh, agus an té nach gcnuasaíonn liom, scaipeann.
24 Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus nuair nach bhfaigheann, deir: ‘Fillfidh mé chun mo thí as a dtáinig mé amach.’