2 Dúirt sé leo: “Nuair a ghuíonn sibh, abraigí: A Athair, go naofar d'ainm; go dtaga do ríocht;
3 ár n‑arán laethúil tabhair dúinn gach lá;
4 agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.”
5 Agus dúirt sé leo: “Má bhíonn duine agaibh agus cara aige, agus go rachaidh sé chuige i lár na hoíche á rá leis: ‘A chara, tabhair trí builíní ar iasacht dom,
6 óir tá cara dom tagtha chun mo thí as a bhóthar agus níl dada agam a chuirfinn os a chomhair’;
7 agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit’; -
8 deirim libh, ach mura n‑éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó oiread is a bhíonn de dhíth air.