27 Agus le linn do bheith ag rá an méid sin, labhair bean go hard as lár an tslua agus dúirt sí leis: “Is méanar don bhroinn a rinne thú a iompar agus do na cíocha a dheoil tú!”
28 Ach dúirt sé: “Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.”
29 Nuair a bhí na sluaite ag tiomsú chuige, thosaigh sé ag rá: “Is drochghlúin an ghlúin seo: tá sí ag lorg comhartha, agus comhartha ní thabharfar di ach comhartha Ióna.
30 Óir, amhail mar bhí Ióna ina chomhartha do na Nínivéigh, is amhlaidh sin a bheidh Mac an Duine don ghlúin seo.
31 Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais le muintir na glúine seo agus daorfaidh sí iad, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.
32 Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d'fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.
33 “Ní lasann aon duine lampa agus é chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an tsoilse.