42 “Ach is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar go n‑íocann sibh deachúna ar an miontas agus ar an ruibh agus ar an uile ghlasra, agus go scaoileann sibh tharaibh an ceart agus grá do Dhia. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh, gan iad siúd a fhágáil ar lár.
43 “Is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar gur mór agaibh suí sa chéad áit sna sionagóga, agus cách a bheith ag beannú daoibh sna háiteanna poiblí.
44 “Is mairg daoibh, mar go bhfuil sibh ar nós na dtuamaí nach bhfeictear, go mbíonn daoine ag siúl os a gcionn gan fhios dóibh féin.”
45 Ach labhair duine de na dlíodoirí: “Ag caint mar sin duit, a Mháistir,” ar sé, “tugann tú easmailt dúinne freisin.”
46 Ach dúirt seisean: “Agus daoibhse freisin is mairg, dlíodoirí, mar go mbuaileann sibh ualaí do-iompair ar na daoine, ach barr aon mhéire ní chuirfidh sibh féin leis na hualaí céanna.
47 Is mairg daoibh, mar go dtógann sibh tuamaí na bhfáithe agus gurbh iad bhur n‑aithreacha a mharaigh iad!
48 Sin mar is finnéithe sibh agus mar a thugann sibh toil do bhearta bhur n‑aithreacha, óir rinne siad siúd iad a mharú, agus déanann sibhse an tógáil.