45 Ach labhair duine de na dlíodoirí: “Ag caint mar sin duit, a Mháistir,” ar sé, “tugann tú easmailt dúinne freisin.”
46 Ach dúirt seisean: “Agus daoibhse freisin is mairg, dlíodoirí, mar go mbuaileann sibh ualaí do-iompair ar na daoine, ach barr aon mhéire ní chuirfidh sibh féin leis na hualaí céanna.
47 Is mairg daoibh, mar go dtógann sibh tuamaí na bhfáithe agus gurbh iad bhur n‑aithreacha a mharaigh iad!
48 Sin mar is finnéithe sibh agus mar a thugann sibh toil do bhearta bhur n‑aithreacha, óir rinne siad siúd iad a mharú, agus déanann sibhse an tógáil.
49 Agus sin é an fáth a ndúirt Eagna Dé: ‘Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus déanfaidh siad cuid acu a mharú agus a ghéarleanúint,’
50 ionas go n‑éileofar ar an nglúin seo fuil na bhfáithe uile a doirteadh ó thúsú an domhain,
51 ó fhuil Áibil go dtí fuil Zachairias a cuireadh chun báis idir an altóir agus an sanctóir: sea, deirim libh, éileofar ar an nglúin seo í.