47 Is mairg daoibh, mar go dtógann sibh tuamaí na bhfáithe agus gurbh iad bhur n‑aithreacha a mharaigh iad!
48 Sin mar is finnéithe sibh agus mar a thugann sibh toil do bhearta bhur n‑aithreacha, óir rinne siad siúd iad a mharú, agus déanann sibhse an tógáil.
49 Agus sin é an fáth a ndúirt Eagna Dé: ‘Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus déanfaidh siad cuid acu a mharú agus a ghéarleanúint,’
50 ionas go n‑éileofar ar an nglúin seo fuil na bhfáithe uile a doirteadh ó thúsú an domhain,
51 ó fhuil Áibil go dtí fuil Zachairias a cuireadh chun báis idir an altóir agus an sanctóir: sea, deirim libh, éileofar ar an nglúin seo í.
52 Is mairg daoibh, dlíodoirí, óir rug sibh libh eochair an eolais; ní dheachaigh sibh féin isteach, agus iad seo a bhí ag dul isteach, chuir sibh cosc leo.
53 Agus ar dhul amach as sin dó, thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag cothú na mioscaise chuige thar fóir agus á shaighdeadh chun cainte faoi iomad nithe,