8 deirim libh, ach mura n‑éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó oiread is a bhíonn de dhíth air.
9 Agus deirim libh, iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.
10 Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.
11 Cé hé an t‑athair in bhur measc go n‑iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an nathair nimhe a shínfidh sé chuige in ionad éisc?
12 Nó fós má iarrann ubh, an sínfidh sé scairp chuige?
13 Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?”
14 Bhí deamhan á chaitheamh amach aige - deamhan balbh. Agus nuair a bhí an deamhan imithe amach, labhair an fear balbh, agus rinne na sluaite ionadh de.