25 Cé agaibh a d'fhéadfadh, trí bheith ag déanamh imní aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil?
26 Dá bhrí sin, nuair nach bhfuil neart agaibh ar an rud is lú, cad chuige daoibh bheith imníoch faoi na rudaí eile?
27 Breathnaígí na lilí mar a fhásann siad: ní dhéanann siad saothar ná sníomh. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóire, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo.
28 An lus ar an mbán a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibhse a éadú, a lucht an bheagán creidimh!
29 Sibhse, mar an gcéanna, ná bígí ag lorg bhur mbia ná bhur ndí, agus ná bígí do bhur gcrá féin.
30 Óir is iad na nithe sin uile a mbíonn págánaigh an domhain seo ar a dtóir; ach tá a fhios ag bhur nAthair go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin.
31 Ach déanaigí a ríocht sin a lorg, agus tabharfar daoibh na nithe úd chomh maith.