31 Ach déanaigí a ríocht sin a lorg, agus tabharfar daoibh na nithe úd chomh maith.
32 Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir ba ghnaoi le bhur nAthair an ríocht a thabhairt daoibh.
33 Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan á lot.
34 Óir, san áit a mbíonn bhur stór, is ann a bheidh bhur gcroí freisin.
35 “Bíodh crios faoi bhur gcoim agaibh agus bhur lampaí ar lasadh,
36 agus sibh cosúil le daoine a bhíonn ag súil lena máistir a theacht ar ais ón mbainis, ionas, nuair a thiocfaidh sé agus go mbuailfidh, go n‑osclóidh siad láithreach dó.
37 Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu.