38 Agus cibé acu sa dara nó sa tríú faire a thagann sé, agus nithe a fháil amhlaidh, is dóibh siúd is méanar.
39 Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mb'eol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach.
40 Bígí sibhse ullamh freisin, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.”
41 Dúirt Peadar ansin: “A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le cách eile chomh maith?”
42 Dúirt an Tiarna: “Cé hé más ea, an maor úd atá iontaofa géarchúiseach a gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tís é chun a gcion den arbhar a thabhairt dóibh i dtráth?
43 Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó.
44 Deirim libh go dearfa, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é.