14 Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin bheith in uireasa.
15 D'imigh sé agus rinne fostú le duine de mhuintir na tíre sin, agus chuir seisean faoina chuid talún é ag aoireacht mhuc.
16 Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a d'itheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad.
17 Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag m'athair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta!
18 Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun m'athar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse;
19 ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm; déan díom mar a bheadh duine de do lucht tuarastail.’
20 Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair. Ach le linn dó fós bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, á chaitheamh féin ar a bhráid agus á mhúchadh le póga.