25 “Bhí an mac ba shine aige ar fud na talún, agus nuair a tháinig sé i ngar don teach, chuala an ceol agus an rince.
26 Ghlaoigh sé chuige duine de na giollaí agus d'fhiafraigh de cad é an rud é seo a bhí ar bun.
27 Dúirt seisean leis: ‘Do dheartháir a bheith tagtha, agus mharaigh d'athair an lao biata de chionn go bhfuair sé ar ais slán é.’
28 Ach bhí fearg air agus níorbh áil leis dul isteach. Tháinig a athair amach ag achainí air.
29 Ach dúirt sé lena athair á fhreagairt: ‘Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde.
30 Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.’
31 Ach dúirt sé leis: ‘A mhic, bíonn tusa liom i gcónaí, agus gach a bhfuil agam is leat;