23 Agus in ifreann dó, d'ardaigh sé a shúile agus é i bpiolóidí, agus chonaic Abrahám i bhfad uaidh agus Lazaras ina ucht.
24 Agus ghlaoigh sé amach: ‘A athair Abrahám,’ ar sé, ‘bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfadh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaródh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.’
25 Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá.
26 Agus ina éagmais sin uile, tá duibheagán mór suite daingean idir sinne agus sibh, ionas nach féidir leo seo arb áil leo é dul anonn chugaibh agus nach ngabhtar anall trasna chugainne.’
27 Dúirt seisean: ‘Iarraim ort más ea, a athair, é chur go dtí teach m'athar -
28 óir tá cúigear dearthár agam - chun go dtabharfadh sé fios an scéil dóibh d'eagla go dtiocfaidís sin freisin san áit seo na bpiolóidí.’
29 Dúirt Abrahám: ‘Tá Maois acu agus na fáithe; éistidís leo sin.’