26 Agus ina éagmais sin uile, tá duibheagán mór suite daingean idir sinne agus sibh, ionas nach féidir leo seo arb áil leo é dul anonn chugaibh agus nach ngabhtar anall trasna chugainne.’
27 Dúirt seisean: ‘Iarraim ort más ea, a athair, é chur go dtí teach m'athar -
28 óir tá cúigear dearthár agam - chun go dtabharfadh sé fios an scéil dóibh d'eagla go dtiocfaidís sin freisin san áit seo na bpiolóidí.’
29 Dúirt Abrahám: ‘Tá Maois acu agus na fáithe; éistidís leo sin.’
30 Dúirt sé: ‘Ní hea, a athair Abrahám, ach má théann duine ó na mairbh chucu déanfaidh siad aithrí.’
31 Ach dúirt sé leis: ‘Mura n‑éisteann siad le Maois agus leis na fáithe, ní mó a ghéillfidh siad má éiríonn duine ó mhairbh.’ ”