1 Dúirt sé lena dheisceabail: “Ní féidir gan na scannail a theacht, ach is mairg don té trína dtagann siad;
2 b'é a leas go gcrochfaí cloch mhuillinn faoina mhuineál agus é theilgean san fharraige níos túisce ná thabharfadh sé scannal d'aon duine amháin de na daoine beaga seo.
3 Aire daoibh! Má pheacaíonn do bhráthair, tabhair casaoid dó, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó.
4 Agus má pheacaíonn sé i d'aghaidh seacht n‑uaire sa lá agus go n‑iompóidh sé chugat seacht n‑uaire, ag rá: ‘Tá aithreachas orm’, maith dó.”