22 Dúirt sé fós leis na deisceabail: “Tiocfaidh an t‑am ar mian libh aon lá amháin a fheiceáil de laethanta Mhac an Duine, agus ní fheicfidh sibh é.
23 Beifear á rá libh: ‘Féach, tá sé ansiúd’; nó: ‘Féach, tá sé anseo!’ Ná téigí ann: ná bígí ar a thóir.
24 De bhrí, ar nós mar a scinneann an splanc ó thaobh den chruinne ina lasair go dtí an taobh eile, is amhlaidh sin a bheidh Mac an Duine ina lá féin.
25 Ar dtús, áfach, ní foláir dó mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ón nglúin seo.
26 Agus amhail mar a bhí i laethanta Naoi, is amhlaidh sin freisin a bheidh i laethanta Mhac an Duine;
27 bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag gabháil fear céile nó ban céile, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc; agus tháinig an díle gur thug an bás dóibh uile.
28 Mar an gcéanna, amhail mar a bhí i laethanta Lót: bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag ceannach, bhí siad ag díol, bhí siad ag plandáil, bhí siad ag tógáil;