27 bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag gabháil fear céile nó ban céile, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc; agus tháinig an díle gur thug an bás dóibh uile.
28 Mar an gcéanna, amhail mar a bhí i laethanta Lót: bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag ceannach, bhí siad ag díol, bhí siad ag plandáil, bhí siad ag tógáil;
29 ach an lá ar imigh Lót amach as Sodom, fearadh tine agus ruibh ó Dhia as an spéir gur thug an bás dóibh uile.
30 Sa chaoi chéanna a bheidh, an lá a bhfuil Mac an Duine le foilsiú.
31 An lá sin, an té a bheidh ar bharr an tí agus a urra tí sa teach, ná téadh sé síos chun é a bhreith leis, agus mar an gcéanna an té a bheidh sa ghort, ná casadh sé ar ais.
32 Cuimhnígí ar mhnaoi Lót!
33 Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é tharrtháil.