32 Cuimhnígí ar mhnaoi Lót!
33 Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é tharrtháil.
34 Deirim libh, beidh beirt fhear in aon leaba an oíche sin; tógfar duine acu agus fágfar an duine eile.
35 Beidh beirt bhan ag meilt in éineacht; tógfar bean acu ach fágfar an bhean eile.
36 (Beidh beirt sa ghort; tógfar duine acu, ach fágfar an duine eile.)”
37 Dúirt siad leis á fhreagairt: “Cén áit, a Thiarna?” Dúirt sé leo: “Mar a mbíonn an corpán, is ann freisin a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile.”