6 Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh.
7 “Cé agaibh a mbíonn seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aoireacht, a déarfaidh leis nuair a thagann sé isteach ón ngort: ‘Tar anois agus buail fút ag bord’?
8 Ina ionad sin, nach é a déarfaidh sé leis: ‘Réitigh rud chun dinnéir dom, fáisc crios fút féin agus freastail orm, nó go mbeidh ite agus ólta agam, agus ansin déanfaidh tú féin ithe agus ól’?
9 An ea go mbíonn sé faoi chomaoin ag an seirbhíseach de chionn go ndearna seisean a raibh ordaithe?
10 Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: ‘Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí d'fhiacha orainn a dhéanamh.’ ”
11 Ansin, sa tslí dó go Iarúsailéim, ghabh sé feadh na teorann idir an tSamáir agus an Ghailíl;
12 agus le linn dó bheith ag dul isteach i mbaile áirithe, tháinig faoina dhéin deichniúr lobhar. Stad siad tamall uaidh,