1 Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche:
2 “Bhí, i gcathair áirithe, breitheamh nach raibh eagla Dé air ná beann ar dhuine aige.
3 Bhí baintreach sa chathair sin freisin agus bhíodh sí ag teacht chuige, ag rá: ‘Déan ceart dom in aghaidh fhear mo chúisithe,’
4 ach níorbh áil leis é seal aimsire; ach sa deireadh dúirt sé ina aigne: ‘Más ea féin nach bhfuil eagla Dé orm ná beann ar dhuine agam,