13 Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’
14 Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”
15 Bhíodar ag tabhairt na leanaí beaga chuige freisin chun go sínfeadh sé a lámh orthu; agus ar a fheiceáil sin do na deisceabail bhíodar ag cur ceartú orthu.
16 Ach ghlaoigh Íosa na leanaí chuige, ag rá: “Ligigí do na leanaí teacht chugam agus ná coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé.
17 Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.”
18 D'fhiafraigh duine ainmniúil de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”
19 Dúirt Íosa leis: “Cad chuige go ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin.