16 Ach ghlaoigh Íosa na leanaí chuige, ag rá: “Ligigí do na leanaí teacht chugam agus ná coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé.
17 Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.”
18 D'fhiafraigh duine ainmniúil de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”
19 Dúirt Íosa leis: “Cad chuige go ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin.
20 Is eol duit na haitheanta: ‘Ná déan adhaltranas. Ná déan marú. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair.’ ”
21 Dúirt seisean: “Choimeád mé iad sin uile ó m'óige.”
22 Ar chloisteáil sin d'Íosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.”