21 Dúirt seisean: “Choimeád mé iad sin uile ó m'óige.”
22 Ar chloisteáil sin d'Íosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.”
23 Ar chloisteáil an méid sin dó, tháinig buaireamh mór air, mar bhí saibhreas as cuimse aige.
24 Ar a fheiceáil amhlaidh d'Íosa, dúirt: “Cad é chomh deacair is a bhíonn sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!
25 Sea, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.”
26 Agus iad seo a chuala é, dúirt siad: “Agus cé is féidir a shlánú?”
27 Dúirt sé: “Na nithe atá dodhéanta ag daoine, tá siad sodhéanta ag Dia.”