23 Ar chloisteáil an méid sin dó, tháinig buaireamh mór air, mar bhí saibhreas as cuimse aige.
24 Ar a fheiceáil amhlaidh d'Íosa, dúirt: “Cad é chomh deacair is a bhíonn sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!
25 Sea, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.”
26 Agus iad seo a chuala é, dúirt siad: “Agus cé is féidir a shlánú?”
27 Dúirt sé: “Na nithe atá dodhéanta ag daoine, tá siad sodhéanta ag Dia.”
28 Ansin dúirt Peadar: “Is é atá déanta againne: ár maoin shaolta a thréigean agus tusa a leanúint!”
29 Dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach, níl aon duine a thréig teach ná bean ná deartháireacha ná tuismitheoirí ná clann mar gheall ar ríocht Dé,