37 Dúradh leis: “Tá Íosa an Nazórach ag dul thar bráid.”
38 Agus d'éigh sé amach: “A Íosa, a mhic Dháiví, bíodh trua agat dom!”
39 Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air bheith ina thost, ach b'amhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: “A Mhic Dháiví bíodh trua agat dom!”
40 Stad Íosa dá shiúl, agus d'ordaigh é sheoladh chuige. Ar theacht dó ina ghar d'fhiafraigh sé de:
41 “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” Dúirt seisean: “A Thiarna, mo radharc a bheith agam!”
42 Dúirt Íosa leis: “Bíodh do radharc agat: shlánaigh do chreideamh tú.”
43 Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia.