8 Deirim libh, déanfaidh sé ceart go grod. Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar an talamh?”
9 Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile:
10 “Chuaigh beirt fhear suas don Teampall ag guí; Fairisíneach duine acu agus poibleacánach an duine eile.
11 Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n‑adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd.
12 Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’
13 Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’
14 Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”