1 Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú.
2 B'é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír.
3 Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin.
4 Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin,
5 chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne.
6 Agus tharla, le linn dóibh bheith ann, gur tháinig a hionú,
7 agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.