11 rugadh Slánaitheoir daoibh inniu - is é Críost an Tiarna é - i gcathair Dháiví.
12 Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.”
13 Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá:
14 “Glóir do Dhia in uachtar neimhe,agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”
15 Agus nuair a d'imigh na haingil uathu sna flaithis, dúirt na haoirí le chéile: “Téimis anonn go Beithil, agus feicimis an ní seo a tharla a d'inis an Tiarna dúinn.”
16 Agus d'imigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar.
17 Agus ar a fheiceáil dóibh, d'inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo.