14 “Glóir do Dhia in uachtar neimhe,agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”
15 Agus nuair a d'imigh na haingil uathu sna flaithis, dúirt na haoirí le chéile: “Téimis anonn go Beithil, agus feicimis an ní seo a tharla a d'inis an Tiarna dúinn.”
16 Agus d'imigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar.
17 Agus ar a fheiceáil dóibh, d'inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo.
18 Agus cách a chuala, b'ionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo.
19 Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí.
20 Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo.