25 Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air.
26 Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna.
27 Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí,
28 ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt:
29 “Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna,de réir d'fhocail, faoi shíocháin,
30 mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil
31 atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile: