27 Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí,
28 ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt:
29 “Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna,de réir d'fhocail, faoi shíocháin,
30 mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil
31 atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile:
32 solas chun na náisiúin a shoilsiúagus glóir do phobail Iosrael.”
33 Agus bhí a athair agus a mhathair ag déanamh ionadh de na nithe a dúradh mar gheall air.