34 Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -
35 agus gabhfaidh claíomh trí d'anam féin - chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe.”
36 Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta.
37 Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d'oíche le troscadh agus le hurnaithe.
38 Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le Iarúsailéim a fhuascailt.
39 Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d'fhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat.
40 Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d'eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.