39 Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d'fhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat.
40 Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d'eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.
41 Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcoir féile na Cásca.
42 Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir ghnás na féile;
43 agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, d'fhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh, gan fhios dá thuismitheoirí.
44 Shíl siad gur ar an gcomplacht a bhí sé, agus ar theacht dóibh siúl aon lae, bhí siad á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais,
45 agus nuair nach bhfuair siad é, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim á lorg.